Súil ar Oireachtas na Gaeilge 2013

Súil ar Oireachtas na Gaeilge 2013

Tá Oireachtas na Gaeilge 2013 tar éis teacht chun ceann scríbe i mbaile Chill Airne i gContae Chiarraí. Os cionn 10,000 duine a d’fhreastail ar phríomhfhéile Ghaeilge na tíre thar cheithre lá agus bhí Meon Eile i measc an chomhluadair.

Rinneadh cultúr agus traidisiún na nGael a cheiliúradh le comórtais, ceardlanna, díospóireachtaí agus Club na Féile.

Is é Mícheál Ó Confhaola as Conamara, Contae na Gaillimhe, a thug leis Corn Uí Riada, príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtas. Is í seo an darna huair aige an Corn a thógáil leis.

I measc na mbuaiteoirí ar na comórtais mhóra eile, thug Proinsias Ó hIarnáin as Conamara an chéad duais leis sa chomórtas damhsa ar an seán-nós. Bhuaigh Ógie Ó Céilleachair agus Aodán Ó Ceallaigh as Rinn Ó gCuanach comórtas Lúibíní na Bliana seo.

Rinne réimse leathan gnólachtaí agus eagras Gaeilge margaíocht ar a gcuid earraí le linn na féile, an Garda Síochana ina measc.

Seo chugaibh blaiseadh agus súl siar ar an chuid is fearr den cheol, craic agus na comórtais ó Oireachtas na Gaeilge 2013.

Oireachtas 2013
Close
Close