‘Rud Damanta Maith’- Taispeántais nua sa Chultúrlann

Seoladh ceann amháin de dhá thaispeántais nua i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh. An t-aimn atá ar an taispeántas seo ná ‘Rud Damanta Maith’.

Bailiúchán grianghrafadóireachta agus fís-saothar atá ann atá cruthaithe ag an ghrúpa ban ó Luimneach ‘Women From The Inside Collective’. Scrúdaíonn an taispeántas an míostrú agus an dóigh a mbíonn muid mar shochaí ag caint faoi agus an náire a bhíonn ag baint leis go coitianta, cé go mbíonn leathchuid den daonra ag dul fríd gach mí.

Sa taispeántas seo tá 12 phictiúr - gan eagarthóireacht ar bith déanta orthu - de mhná sna déaga go dtí mná sna hochtóidí le gach céim i saol na mban a léiriú ar dhóigh ealaíonta. Le linn an tseolta, sheinn an ceoltóir ‘JaYne ’trí amhráin a bhí ábhartha don taispeántas a chuir go mór leis an atmaisféar ar an oíche.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh agus labhair muid le Gráinne Ní Ghilín ón Chultúrlann faoin éifeacht atá feicthe aici cheana féin ón taispeántas. Labhair Clara Planelles atá ina grianghrafadóir don tógra seo faoin bhunsmaoineadh a bhí aici agus faoi eispéireas pearsanta s’aici atá le feiceáil sna pictiúirí.

Beidh an dara seoladh ealaíne ‘Ní Bhíonn Imeacht Gan Chiall ’ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i nDanlann Dillon an 26 Eanair ag 7i.n.

Close
Close