Ros na Rún - Taobh thiar den seit

Ros na Rún - Taobh thiar den seit

Is é Ros na Rún an t-aon sobaldráma Gaeilge agus clú air ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.

Cuireadh tús leis an tsraith drámaíochta 19 bliain ó shín agus tá go leor tar éis tarlú sa bhaile beag seo nach maireann ach amháin ar an scáileán.

Tá clú ar Ros na Rún mar gheall ar an mheascán maith de scéaltaí idir throm agus éadrom agus ar ndóigh ba é an chéad sobaldráma ariamh le lánúin aerach, chomh maith le ceisteanna eile faoi ghinmhealladh, éigniú, drugaí agus dúnmharuithe.

Tá fás agus forbairt nach beag i ndiaidh theacht ar Ros na Rún le go leor carachtar tar éis theacht agus imeacht, bhí go leor grá agus seirce ann, go leor bainiseacha agus b’fhéidir níos mo tórraimh.

Rinneadh neart cairdis agus troda, mar aon le go leor leor eile, agus is féidir a rá go cinnte nach mbíonn Ros na Rún nach ariamh leadránach ag an mhuintir a chónaíonn ann.

Tá ár bhfísiriseoir féin Seán Ó Baoill le feiceáil ag aisteoireacht ann faoi láthair agus páirt ‘Adam Ó Murchú’ aige. Bhí an deis aige píosa a thaifeadadh do Meon Eile agus é thíos ag scannánaíocht i gConamara…

Ros na Rún

Bíonn Ros na Rún le feiceáil ar TG4 achan Dé Máirt agus Déardaoin @ 20:30 agus an t-ollchlár le feiceáil ar an Domhnach @ 22:30

Close
Close