'Rita agus an Ninja' le Máire Zepf

Nuair a smaoinítear ar sheoltaí leabhar, ní minic a shamhlaítear drumaí, ninjaí agus ceol ach is é sin díreach a bhí i gceist nuair a seoladh Rita agus an Ninja i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

Is é Rita agus An Ninja an cúigiú leabhar sa tsraith le Máire Zepf ina n-úsáideann an príomhcharachtar, Rita, a samhlaíocht chun éachtaí éagsúla a dhéanamh.

Is é Andrew Whitson maisitheoir an leabhair agus níl aon amhras ach go gcuireann a chuid ealaíne an-bheocht sna scéalta. Is leabhar idirghnníomhach é Rita agus an Ninja ar féidir le páistí na carachtair a aimsiú ann agus iad a léamh.

Tá an leabhar foilsithe ag An tSnathaid Mhór a bhfuil de nós acu seoltaí bríomhara idirghníomhacha mar seo a chur ar fáil don phobal.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh agus bhuail muid le Máire Zepf, Andrew Whitson, Caitríona Nic Sheáin ón tSnathaid Mhór agus Rita í féin...

Rita agus an Ninja ar fáil ó An Ceathrú Póilí.

Close
Close