Ranganna Sínise ag tosú i Raidió Fáilte

Thosaigh Athbhliain na Síne Dé Sathairn seo caite agus leanfaidh an ceiliúradh ar aghaidh go dtí an 24 Feabhra. Níl aon bhealach níos fearr lena chomóradh ná blaiseadh de chultúr na tíre a thabhairt do dhaoine, agus sin díreach is aidhm do na ranganna Sínise atá le tosú Dé Máirt seo chugainn i Raidió Fáilte, Béal Feirste.

Beidh Pól Ó Néill, craoltóir leis an stáisiún, ag múineadh na ranganna ina bhfoghlaimeoidh na rannpháirtithe faoi chultúr na Síne, agus an teanga féin san áireamh. Tosóidh na ranganna Dé Máirt an 20 Feabhra ag 6.30in agus mairfidh siad ar feadh deich seachtaine. Is i nGaeilge a bheidh an cúrsa.

Dúirt Pól, a rinne staidéar ar an tSínis in Ollscoil Leeds agus a chaith breis is ocht mbliana ag obair i mBéising, go bhfuil sé ar bís le gach rud a d’fhoghlaim sé sa tSín a thabhairt chuig na ranganna.

D’fhreastail Meon Eile ar ócáid le ceol agus bia ag ar sheol Raidió Fálte, in éineacht le Glór na Móna agus Institiúid Confucius Thuaisceart Éireann, an cúrsa. Labhair muid le Pól atá ag súil go mór leis na ranganna ag thosú agus leis an deis tógáil ar na naisc leis an phobal Síneach i mBéal Feirste.

Le haghaidh tuilleadh eolais nó le clárú, téigh i dteagmháil le Pól Ó Néill ag [email protected]

Close
Close