Réamhamharc ar an taispeántas ealaíne "Idir Dhá Aigne"

Seolfar taispeántas ealaíne dár teideal “Idir Dhá Aigne” i gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste um thráthnóna, 1ú Bealtaine ag 19:00.

Forbairt Feirste atá taobh thiar den taispeántas, atá á eagrú acu le beagnach bliain anois.

Tharraing an tionscnamh beirt ealaíontóir ó iarthar agus oirthear na cathrach le chéile chun dul i mbun oibre le daltaí ó Choláiste Feirste agus Ashfield Girls’ High School.

Chruthaigh Michael Doherty agus John Stewart 12 píosa an duine, iad ag stiúradh na ndaltaí le 20 píosa eile a chruthú.

Chaith Meon Eile seal sa dánlann nuair a bhí na pictiúrí á gcrochadh, agus labhair muid le cuid de na healaíontóirí faoin tionscnamh, agus faoina gcuid saothar…

Idir Dhá Aigne

Beidh na pictiúrí le feiceáil i nDánlann Dillon agus i nDánlann na mBallaí Bána sa Chultúrlann go dtí an 12ú Meitheamh.

Chomh maith leis sin, fuair Meon Eile deis tamall a chaitheamh le Michael Doherty agus é i mbun sceitseála ar Bhóthar na bhFál. Seo chugaibh blaisín beag den mhéid a bhí ar bun aige…

Michael Doherty Sceits
Close
Close