D’fhill Róise Ní Bhaoill ar lárionad An Droichead ar Bhóthar Ormeau, Béal Feirste, ar na mallaibh don dara léacht i sraith atá dírithe ar an fhéilire Ceilteach. Thosaigh an tsraith i mí na Samhna nuair a labhair Róise faoin fhéile mhór sin. An uair seo, ba é Imbolc agus na nósanna a bhaineann leis ábhar na cainte.
Is féile Cheilteach é Imbolc a cheiliúrtar anois an 1 Feabhra. Tá caill ar an tréimhse seo inniu mar Lá Fhéile Bríde, tráth a dhéanann daoine crosóga Bríde nó nuair a chuirtear Brat Bríde taobh amuigh de na tithe thar oíche. Creidtear go mbíonn leigheas ag baint leis an Bhrat.
Labhair Meon Eile le Róise, scríbhneoir aitheanta a bhfuil suim mhór aici sna seanfhéiltí, faoi na gnásanna seo agus faoin tábhacht a bhaineann leo sa lá atá inniu ann.


