Paul Bradley: An Déantóir Fidleacha

Tá Paul Bradley ag obair mar dhéantóir fidleacha le 30 bliain anuas. Bhí an ceoltóir agus déantóir ag filleadh ón Iodáil ag an am, áit ar chónaigh sé ar feadh ceithre bliana, nuair a bhí cinneadh le déanamh aige.

Bhí sé idir dhá chomhairle dul isteach sa cheird go proifisiúnta ansin casadh air cara dá chuid i Londain agus déantóir fidleacha mór le rá, David Rattray. Thug David comhairle agus misneach do Paul ag an am chun an chéad chéim a ghlacadh. Thug sé píosa adhmaid dó agus thaispeáin sé dó an dóigh a ndéantar ceann na fidle. Chuir Paul tús lena aistear ansin - cheannaigh sé a chuid uirlisí agus níor amharc sé siar ó shin.

Is as an Sruthán in Ard Mhacha Theas ó dhúchas é Paul agus d’fhás sé aníos sáite sa cheol le 11 deartháireacha, agus ba eisean an duine is óige sa chlann. Bhí cónaí air i neart áiteanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta: an Iodáil, Sasana (áit ar fhreastal sé mar mhac léinn ar an Scoil Fildleacha in Newark, Nottingham), Gaillimh agus Cill Mhantáin ina measc.

Thug Meon Eile cuairt ar Paul agus é i mbun oibre i gceardlann s’aige taobh thiar dá theach i gcathair Ard Mhacha, áit a bhfuil sé lonnaithe anois le cúpla bliain anuas.

Is féidir Paul a leanúint ar Facebook anseo.

Close
Close