Péinteáil don Phailistín: Imeacht Galentine's eagraithe ag Mothers Against Genocide

D’eagraigh an grúpa feachtasaíochta Mothers Against Genocide imeacht ‘Galentine' Dé Domhnaigh sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste. Bailíodh thart ar £2.5 milliún ar an iomlán agus rachaidh an bailiúchán i dtreo táirgí sláintíochta a chur ar fáil do mhná in Gaza, i gcomhpháirt le UNRWA.

Cuireadh sólaistí ar fáil chomh maith le prosecco, tae agus caife, agus d'fhreastail idir agus óg agus aosta ar an imeacht. Tharraing Fiona ón ghrúpa feachtasaíochta an dearadh ar na canbháis go léir agus ansin bhí deis ag daoine iad a phéinteáil agus a thabhairt abhaile leo ag an deireadh. 

Tá Mother's Against Genocide i gcónaí oscailte do dhaoine nua teacht isteach sa ghrúpa agus tá fáilte roimh achan duine, ní hamháin máithreacha nó mná go fiú. Má tá suim agat a bheith páirteach, is féidir teachtaireacht a chur chucu anseo.

Close
Close