Ould Lammas Fair 2022

I ndiaidh trí bliana, tháinig ceann de na haontaí is sine sa tír, an Ould Lammas Fair, ar ais go Baile an Chaistil.

Bhí an ghrian ag spalpadh an tseachtain seo caite, rud a chuir go mór le hatmaisféar na féile, a bhfuil sean-nasc aige leis an traidisiún Críotsaí 'Lammas' agus le Lúnasa.

Tá an fhéile ar siúl ar an bhaile leis na céadta bliain agus bhí na mílte daoine i láthair arís le sult a bhaint as an cheol, na seastáin agus an rogha bia a bhí ar fáil.

I measc na stainníní agus na dtaibheoirí sráide, bhí grúpa daoine óga ag senim roinnt port traidisiúnta. Labhair Meon Eile le ceathrar acu faoin chraic agus faoi spraoi a bheith ar ais i mBaile an Chaistil.

Bhuail muid fosta le Micheál Ó Seanáin, ón Ballycastle Traditional Music Trail, a rinne cur síos ar an fhéile agus na himeachtaí ar leith a bhaineann léi.

Muna raibh an deis agat cuairt a thabhairt ar an Ould Lammas Fair i mbliana, tá blaisín againn duit san fhísean thuas.

Close
Close