Oireachtas Rince na Cruinne 2022

An tseachtain seo caite bailigh daoine ó achan chearn den domhan le chéile i Halla Cois Cuain, Béal Feirste, faoi choinne Oireachtas Rince na Cruinne.

D’fhreastail damhsóirí Gaelacha as cóngar agus céin ar an mhórócáid ina raibh comórtais ar leibhéil éagsúla, mar ain le spraoi go leor.

Bhuail Meon Eile le hOrfhlaith Ní Bhriain, an cathaoirleach ar Chúram na Gaeilge ag an Choimisiún Le Rincí Gaelacha, príomheagraí na féile idirnáisiúnta. Rinne sí cur síos ar an tseachtain agus ar an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh chur chun cinn an damhsa Ghaelaigh.

Bhí grúpa ón lárionad Gaeilge, An Droichead, ag an fhéile chomh maith chun deiseanna a thabhairt don slua a gcuid Gaeilge a úsáid, sin agus le fáinní óir agus airgid a bhronnadh ar dhaoine.

Is feidir dul anseo le tuilleadh eolais a fháil ar Oireachtas Rince na Cruinne.

Close
Close