Bhí scoth an cheoil le chloisteáil ar na mallaibh ag Ceol na bPíob, ceolchoirm ar leith a eagraíodh mar chuid de Belfast Tradfest sa Black Box i lár Bhéal Feirste.
Rinneadh ceiliúradh ar oidhreacht R.L O’Mealy, píobaire clúiteach a rugadh ag deireadh an 19ú haois agus a raibh baint mhór aige le Béal Feirste.
Thug na ceoltóirí ar an oíche onóir dó agus iad ag taispeáint an phobail bhríomhair píobaireachta atá ann sa chathair inniu.
Is i gcomhair leis an Droichead agus le Comharchumann Píobaireachta Bhéal Feirste a reáchtáil Belfast Tradfest an ócáid.
Bhí Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, atá ina bhall den Chomharchumann, ina fhear tí ar an oíche. Labhair sé linn faoi na ceoltóirí cumasacha a bhí ag seinm agus faoin chaidreamh atá ann idir na píobairí i gCúige Uladh.
Bhí Tiarnán Ó Duinnchin, Robbie Hannan, Ailis Sutherland, Jane Walls agus Bláithín Mhic Cana ar an ardán.
Bhí deis ag Meon Eile labhairt le Bláithín faoin atmaisféar comhoibríoch a mhothaigh sí i measc na bpíobairí agus í ann mar amhránaí as Oirialla. Mhol sí an iarracht a dhéanann Belfast Tradfest na traidisiúin cheoil as gach cuid de Chúige Uladh a chothú agus a chur chun cinn.
