Oíche Shamhna i Léim an Mhadaidh

Bhí Meon Eile i Léim an Mhadaidh d'Oíche Shamhna na bliana seo le léargas a fháil ar na himeachtaí a bhí á reáchtáil acu.

Labhair Ann Hasson agus Liam Mac Giolla Mheana linn faoi na hócáidí agus an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge de sa cheantar le blianta beaga anuas.

Thaitin an cheardlann landair agus siúlóid síoga leis na páistí naíscoile agus gaelscoile. D'inis siad na rudaí is fearr leo faoi Oíche Shamhna do Meon Eile.

Is léir go bhfuil an Ghaeilge ag dul ó neart go neart i Léim an Mhadaidh.

Close
Close