Bhí Oíche Chultúir ar siúl arís i mBéal Feirste Dé hAoine, i ndiaidh sos ceithre bliana, agus scoth na n-imeachtaí faoi lán seoil timpeall na cathrach.
In 2020, cuireadh Oíche Chultúir ar ceal mar gheall ar COVID-19 agus ar an dianghlasáil. Cuireadh é ar siúl arís in 2021 ach i bhfoirm i bhfad níos lú. Mar sin de, bhí lúcháir ar an phobal agus ar earnáil na n-ealaíon gur beartaíodh tabhairt faoi athuair.
In Iarthar na Cathrach, bhí Oíche Chultúir faoi lán seoil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, le léiriú scannán, céilí, ceardlann priontála ealaíne, imeacht scéalaíochta agus coirm cheoil. Bhí idir theaghlaigh, dhaoine fásta agus daoine óga i láthair agus atmaisféar fáilteach réchúiseach le mothú timpeall an ionaid.
D'fhreastail Meon Eile ar an oíche shiamsúil spleodrach agus labhairt muid le stiúrthóir na Cultúrlainne, Cónall Ó Corra, faoin tábhacht leis an oíche do chur chun na Gaeilge agus cur chun cinn na n-ealaíon trí chéile