Oíche Chultúir 2021 i nDoire

Tá Oíche Chultúir ar an fhód anois le breis agus 16 bliana agus tá sí ag fás is ag forbairt bliain i ndiaidh bliana.

Is í an Chomhairle Ealaíon a thosaigh an ceiliúradh i mBaile Átha Cliath ach tá sé anois i ndiaidh scaipeadh ar fud fad na tíre agus níos faide anon le himeachtaí ar siúl i Londain, Manchain agus Learpholl go fiú!

Bhí cuma dhifriúil ar chúrsaí i mbliana agus lucht na féile ag iarraidh cloí le srianta Covid-19 ach chuaigh Meon Eile amach ar shráideanna Dhoire le labhairt le cuid de na daoine a bhí ag glacadh páirt sna himeachtaí ansin. 

Close
Close