Oíche cheiliúrtha in ómós do Chlára Ní Ghiolla

Is iomaí cuimhne gheal ghrinn ghrámhar atá ag a lán daoine ar Chlára Ní Ghiolla, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Meithimh 2025. Ba Ghael go smior agus ba bhanaltra díograiseach í a raibh an creideamh Críostaí iontach tábhachtach di.

Rugadh Clára Ní Ghiolla sa bhliain 1930 i mBaile Átha Cliath agus rinne sí staidéar gairme ar an altrachas. Chaith sí am ag obair ar Gheirsí agus sna Stáit Aontaithe nuair a bhí sí gníomhach san Fheachtas Cearta Sibhialta.

Chun na cuimhní agus na scéalta a roinnt, chruinnigh daoine as Béal Feirste agus níos faide i gcéin le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál le déanaí, áit ar chaith Clára roinnt blianta dá saol i ndiaidh di dul ar scor ón altranas.

Bhí ról lárnach aici i Raidió Fáilte agus í ina cónaí i mBéal Feirste agus bhí seó aici ar feadh níos mó ná 20 bliain.

Tháinig beirt nianna agus neacht Chlára chuig an oíche chuimneacháin seo agus labhair Meon Eile leo faoin tsaol thar a bheith suimiúil a bhí aici agus an duine bríomhar a bhí inti, a bhí ‘i gcónaí ag smaoineamh’ agus ag iarraidh difear a dhéanamh sa tsaol.

Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus le gaolta Chlára agus lena cairde ar fad.

Close
Close