Off the Scéal: oíche filíochta ilteangach

Eagraíodh imeacht de chuid Off the Scéal i mBéal Feirste den chéad uair riamh ar na mallaibh. Is oíche filíochta agus cheoil ilteangach é seo a bhunaigh Ola Majekodunmi agus Daniel Flynn breis agus bliain ó shin. 

Is in Ionad Ealaíon an Crescent i ndeisceart na cathrach a thit an ócáid amach agus is mór an éagsúlacht a bhí le feiceáil idir cheol, fhilíocht agus scéalaíocht.

Bhí beirt aíonna speisialta ar an ardán chomh maith: an rapálaí Conor Torbóid, atá ina eagarthóir ar NÓS agus a bhfuil aithne ag pobal an cheoil air mar Torbeezy’ chomh maith, agus Tura Aruturaceoltóir, damhsóir ar an sean-nós agus scéalaí de bhunadh na Siombáibe.

Cuireadh an t-imeacht seo ar athló i mí Meithimh mar gheall ar na círéibeacha ciníocha a thit amach i mBéal Feirste agus bhí an fhoireann agus an lucht féachana iontach sásta go raibh siad in ann an oíche seo a rchtáil ar deireadh.

Labhair muid le Ola Majekodunmi faoin fháth ar chuir sí tús leis togra. Dúirt sí go raibh sí ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile ó achan chúlra fríd na healaíona agus ar bhonn ilteangach le go dtig linn níos mó a fhoghlaim faoi dhaoine agus faoi chultúir eile.

Dúirt Conor Torbóid go raibh sé ag iarraidh amhráin a roghnú a léirigh an meon saige, agus gur deis mhaith a bhí san imeacht nascadh le healaíontóirí ó chúlraí éagsúla.

Labhair muid le Tura Arutura fosta, a dinis dúinn faoin dóigh a gcuidíonn an t-ilteangachas, agus an Ghaeilge go háirithe, linn foghlaim faoin domhan thart orainn.

Close
Close