Nósanna na Samhna

Is iomaí cineál creidimh ag an chine daonna: na reiligiúin bhunaithe, déithe iomadúla, Neamh, Ifreann, athionchollú... téann an liosta ar aghaidh.

Tugtar ceann de na creidimh sin chun beatha anocht, Oíche Shamhna, féile a dtéann na nósanna a bhaineann léi siar go dtí fhéile Cheilteach, Samhain.

Is í an phágántacht an creideamh a bhí forleathan in Éirinn sular tháinig an Chríostaíocht agus bhí an tSamhain ar cheann de na hamanna ba thábhachtaí den bhliain do mhuintir na tíre.

Creideadh go raibh an teorainn idir an saol seo agus an saol eile níos tanaí Oíche Shamhna ná ag tréimhsí eile agus go raibh anamacha na marbh in ann siúl ar dhroim an domhain i measc na nGael.

Chuaigh Meon Eile go hEamhain Macha, áit a bhfuil ról lárnach aici i miotaseolaíocht na hÉireann, chun labhairt le Réamonn Ó Ciaráin faoi na sean-nósanna a bhaineann le Féile na Samhna in Éirinn agus faoin tionchar a bhí acu sin ar na nósanna nua-aimseartha atá againn sa lá atá inniu ann.  

Close
Close