Nascadh, Nuascéalaíocht agus neart siamsaíochta - Sceideal Fómhair Seolta ag TG4!

Sheol TG4 sceideal nua an Fhómhair inné, in Amharclann Uí Dhonnchadha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhí reáltaí TG4, idir láithreoirí agus aisteoirí, i láthair agus an sceideal úrnua á sheoladh go hoifigiúil.

Caitlín Nic Aoidh, spéirbhean na haimsire, a bhí mar bhean an tí ar an ócáid.

Réimse leathan de chláracha ceoil, faisnéise, drámaíochta, siamsaíochta, spóirt agus cúrsaí reatha atá i ndán do lucht féachana TG4, chomh maith le scannáin agus cláracha do dhaoine óga.

Ar na nithe is tarraingtí sa sceideal, tá drámaíocht nua-léirithe den scoth, ina measc tá ‘Grace Harte’, dráma nua-scríofa ag Antoine Ó Flatharta.

Chomh maith leis seo beidh saothar ón scéim Cine4, ar nós ‘Murdair Mham Trasna’, ‘Aithrí’ agus ‘Rocky Ros Muc’ le feiceáil ar an scailéan an fómhar seo.

Tabharfaidh bean na haimsire Mairéad Ní Chuaig aghaidh ar an Téalainn, i gcuideachta Thomaí Uí Chonghaile, i sraith úr de ‘Wwoofáil’.

Beidh beochraoladh eiseach ar chluichí sa chomórtas nua sraithe an Guinness Pro 14 le Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

Agus mar is gnáth beidh béim ar chúrsaí CLG, idir pheil & iománaíocht, agus beidh aitheantas ar leith tugtha do pheil na mban i sceideal nua an fhómhair.

Beidh cruth úr ar Nuacht TG4 atá á léiriú i gcomhpháirt le RTÉ, agus cuirfear tús le clár úr cúrsaí reatha, uilig sa bhliain úr.

Labhair Alan Esslemont, Príomhfheidhmeannach TG4,  go paiseanta faoin fhís atá acu don stáisiún agus an plean fadtéarmach atá acu.

Labhair sé faoin tábhacht a bhaineann le hábhar úr d’ardchaighdeán a chur ar fáil don dá lucht féachana atá acu, an duine atá líofa sa Ghaeilge agus an lucht féachana náisiúnta, iad súid nach mbeadh Gaeilge ar bith acu.

Dúirt sé go raibh sé riachtanach go mbeadh TG4 ag freastal ar an da dhream.

Labhair sé fosta faoin tábhacht a bhaineann leis an aos óg a mhealladh, go raibh orthu díriú ar an éileamh atá ann d’ábhar ar líne agus go raibh sé de sprioc acu ardán úr a chruthú mar chuid de bhranda TG4.

Bhí atmaisféar ar leith ann ag seoladh sceideal an fhómhair seo agus d’fhág an slua a bhí i láthair spreagtha agus ag súil leis an ré úr seo i stair an stáisiún teilifíse, muid féin ina measc.

Seo chugaibh blaiseadh beag den lá agus cad atá le teacht ar TG4 an Fómhar seo...


Is féidir ábhar TG4 a fháil anois aon am, aon áit ar domhan. Tá Aip TG4 le fáil ar theilifíseáin chliste agus ar an iPad, tá TG4 ar ww.tg4.tv go leor eile ar an Suíomh Gréasáin www.tg4.ie

Close
Close