Michelle Nic Pháidín – a céad úrscéal

Michelle Nic Pháidín – a céad úrscéal

Katie McGreal

Tá an chéad úrscéal leis an iriseoir clúiteach, Michelle Nic Pháidín, as Gaoth Dhobhair, le seoladh amárach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Thosaigh Michelle ag scríobh ‘An tIriseoir’ agus í ar scéim de chuid Fhoras na Gaeilge.

Fuair sí airgead tríd an scéim agus thug sin an t-am agus an spreagadh di tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach.

Gabriel Rosenstock a thug comhairle di mar chuid den scéim freisin.

Bhí ar Michelle méid áirithe a scríobh taobh istigh de thréimhse áirithe ama agus chuir sí ar aghaidh go Gabriel é.

Shíl Gabriel go mb’fhéidir go mbeadh spéis ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cois Life ann, agus bhí.

Insíonn an leabhar seo scéal iriseoir óg agus í ag tabhairt faoin iriseoireacht i mBaile Átha Cliath.

Is iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í Bríd atá ag iarraidh éalú óna háit dhúchais, Gaoth Dobhair, ach cuireann a post i mBaile Átha Cliath ar ais ann í agus tá uirthi cás mór a fhiosrú, cás a bhfuil a mac féin ina chroílár.

Thosaigh Michelle leis an scríbhneoireacht nuair a bhí sí thart ar sé nó seacht mbliana d’aois.

Fuair sí irisleabhar Barbie agus thaitin sé go mór léi – scríobh sí litir go dtí an t-eagarthóir fiú ag insint dó cé chomh maith is a bhí sé.

“Tháinig bosca mór stuif Barbie ar ais chugam agus chonaic mé go raibh rud éigin fiúntach sa scríbhneoireacht,” a deir sí.

Lean sí uirthi ag scríobh d’irisí eile agus lean na bearta ag teacht ar ais chuici.

Choinnigh sí leis an scríbhneoireacht ar scoil, ach scríbhneoireacht de chineál éigin eile.

Scríobh sí an-chuid aistí agus scéalta agus chuir sí isteach ar neart comórtas ar fud na tíre.

Rinne sí iriseoireacht san ollscoil agus i ndiaidh na hollscoile fuair sí neart oibre ag scríobh do nuachtáin éagsúla – Lá, Foinse, The Farmers Journal, The Sunday Tribune, The Sunday Star agus go leor eile.

Tá obair déanta aici le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 freisin.

Ag am amháin bhí trí phost aici agus í ag obair seacht lá sa tseachtain!

Faoi láthair, oibríonn sí leis an Donegal Democrat trí lá sa tseachtain agus déanann sí rudaí eile don dá lá eile.

“D’úsáid mé an dá lá sin leis ‘An tIriseoir’ a scríobh,” a deir sí.

“Agus anois tá mé ag scríobh dhá ghearrscéal eile. Déanaim rudaí le Raidió na Gaeltachta agus taighde do chomhlachtaí dlí. Tá sé an-mhaith.”

Síleann Michelle go bhfuil an iriseoireacht níos fusa ná an scríbhneoireacht chruthaitheach.

Tagann na scéalta chuici agus í i mbun iriseoireachta ach bíonn uirthi teacht aníos lena cuid scéalta féin agus í ag scríobh mar ealaíon.

Úsáideann sí na scéalta iriseoireachta a bhíonn idir lámha aici mar inspioráid don scríbhneoireacht chruthaitheach.

Bhain Michelle cúpla duais i gcomórtais liteartha an Oireachtais go dtí seo, an darna háit sa chomórtas gearrscéal in 2004 san áíreamh.

“Bhain Joe Steve Ó Neachtain an chéad áit agus is cuimhin liom go ndúirt sé liom leanacht leis an scríbhneoireacht chruthaitheach,” a deir sí.

Is léir gur lean sí an chomhairle sin agus anuraidh bhain sí an darna háit amach arís le gearrscéal dá cuid.

Tá dhá ghearrscéal idir lámha aici faoi láthair agus má tá siad réidh don sprioc ar 1 Iúil i mbliana, seans go gcuirfidh sí isteach iad sna comórtais liteartha arís.

Tá muid uilig ag súil go mór lena thuilleadh ó scríbhneoir cumasach seo.

_Seolfar ’An tIriseoir’ Dé Sathairn 18 Meitheamh ag 1in sa Cheathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

Tá ‘An tIriseoir’ ar fáil chomh maith i bhfoirm closleabhair agus leabhar crua ar shuíomh Cois Life www.coislife.ie._

Close
Close