Meanma na Nollag beo láidir ag Fleadh Feirste

Meanma na Nollag beo láidir ag Fleadh Feirste

Bhailigh scaifte breá ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach ar na mallaibh le haghaidh lasadh shoilse na Nollag. Ina measc bhí Ardmhéara Bhéal Feirste, Máirtin Ó Muilleoir, na Minions agus Daidí na Nollag fosta.

Bhí an ceiliúradh seo mar pháirt de Fleadh Feirste, Féile na Ceathrún Gaeltachta. Féile bhliantúil í seo atá eagraithe ag Forbairt Feirste, an Chultúrlann agus an Cheathrú Ghaeltachta Teo.

Cuireadh tús leis an fhéile in 2009 agus ó shin tá sé ag dul ó neart go neart. I mbliana bhí John Spillane, Gráinne Holand, Kathleen MacInnes, Griogair Labhruidh agus Clann Mhic Ruairí ar na ceoltóirí a bhí ag seinm.

Bhí go leor ar siúl lá agus oíche le linn na gcúig lá agus reimse leathan imeachta agus ócáidí d’achan aois.

Bhí an t-ádh ar Meon Eile bualadh agus labhairt le Daidí na Nollag agus bhí neart comhairle aige do na girseachaí agus na gasúraí uilig a bheas ag fannacht air oíche Nollag seo ag teacht!

Fleadh Feirste
Close
Close