'Máire' - Dráma le Noel Ó Gallchóir


Léireofar an dráma nuascríofa ‘Máire’ le Noel Ó Gallchóir in Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn, amárach (Déardaoin 16ú Eanáir) ar 8i.n. 

Is léiriú é an dráma seo ar shaol agus ar shaothar Shéamuis Uí Ghrianna, duine de mhórscríbhneoirí litríocht na Gaeilge. Oíche ilghnéitheach a bheidh san imeacht seo agus beidh ceol beo Gaelach ann i ndiaidh an dráma.

I measc na n-aisteoirí a bheas ar an ardán beidh Noel Ó Gallchóir, Lucaí Nic Gaoithín, Seán Pól Ó Gaoithín, Colm Mac Giolla Easpaig, Maire Ioannidis, Suzanne Uí Ghallchóir agus Manus Ó Duibhir. Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde a léirigh.

Bhí deis ag Meon Eile an dráma a fheiceáil i Halla Pharóiste Ghort a' Choirce ar na mallaibh agus labhair muid le Noel Ó Gallchóir agus le roinnt de na haisteoirí fán togra speisialta seo...

Close
Close