Liú Lúnasa 2021

Thit an fhéile Liú Lúnasa amach don seachtú bliain as a chéile i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus labhair Meon Eile le roinnt daoine a bhí páirteach ina heagrú.

Is féile í Liú Lúnasa a dhéanann cheiliúradh ar an aos óg Gaelach ach go háirithe. Mar chuid den fhéile i mbliana, eagraíodh cúrsa Gaeilge seachtaine ó bhunleibheál go hardleibheál. Chomh maith leis sin bhí an slam filíochta ar siúl agus imeacht painéil sa Chultúrlann. Chuir ceolchoirm ar líne leis an ealaíontóir ildánach Séamus Barra Ó Suileabháin críoch a chur leis an fhéile oíche Shathairn.

Labhair Meon Eile le Caoimhe Ní Chathail, Gráinne Ní Ghillín agus Kathryn Mullan faoin mhéid a thit amach ag an deireadh seachtaine agus rath na féile d’aineoinn Covid-19.

Close
Close