Leabhrán staire nua seolta faoi Theach Ard na bhFeá

Is leabhrán é ‘Teach Ard na bhFeá agus a theaghlaigh’ ina ndéantar cur síos ar na teaghlaigh a raibh baint acu leis an teach i gcaitheamh na mblianta.

Is í Bríghid Mhic Sheáin a rinne an taighde agus a scríobh an leabhrán.

Tá clú ar an teach i saol na Gaeilge mar is ann atá Coláiste Feirste lonnaithe ach téann a stair siar go dtí an 18ú haois agus luaitear tionscadal an línéadaigh leis chomh maith.

Cúis áthais a bhí ann do Bhríghid go mbeadh an stair seo cruinnithe agus curtha ar fáil i leabhrán do mhuintir Choláiste Feirste agus don phobal araon.

Tá an leabhrán le fáil ón Cheathrú Póilí sa Chultúrlann i mBéal Feirste. 

Close
Close