Lá sa tsaol i Vítneam le Daniel Mac Liam

Bhog Daniel Mac Liam agus a pháirtí, Ellese, as Béal Feirste go Vítneam in oirdheisceart na hÁise ag tús na bliana seo agus ó shin i leith tá neart bainte amach acu. Bíonn Daniel ag teagasc Béarla do dhaoine fásta agus ag déanamh obair aistriúcháin Gaeilge ar líne.

Labhair Meon Eile le Daniel faoi thaithí s’aige thar lear agus faoi na difríochtaí agus cosúlachtaí idir cultúr na nGael agus cultúr Vítneam. D’inis sé dúinn faoi na buntáistí a bhaineann le taisteal a dhéanamh ó thaobh dearcadh cultúrtha agus forbairt phearsanta de.

Tugann Daniel comhairle do dhuine ar bith atá ag iarraidh bogadh thar lear. Dar leis ‘ná bíodh drogall ort - dean é!’.

Close
Close