Ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na bPíob Uilleann i mBéal Feirste

Bhailigh scaifte le chéile sa Chéad Eaglais Phreispitéireach ar Shráid Rosemary i lár chathair Bhéal Feirste an 5 Samhain chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na bPíob Uilleann.

Is é an An Droichead a d’eagraigh an t-imeacht agus cuireadh ar fáil é saor in aisce don phobal. Bhí réimse leathan píobairí ag seinm ar an lá agus bhain achan duine sult as na stíleanna difiriúla a chluinstin.

Thug Meon Eile cuairt ar an imeacht speisialta agus labhair muid le Claire Kieran ón Droichead faoi na rudaí a dhéanann siad chun tacú le pobal na bpíobairí. Labhair muid fosta le Tom Clarke, atá ag seinm agus ag teagasc na bpíob ar feadh caoga bliain faoin taithí atá aige féin, agus le Cormac Ó Briain faoin lá ar leith agus faoin tábhacht atá ag baint leis na píoba uilleann a cheiliúradh thart an domhan.

Close
Close