Lá an Ard-Mhéara i mBéal Feirste

Tá bliain Dheirdre Hargey mar Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste chóir a bheith críochnaithe agus eagraíodh cóisir mhór i Halla na Cathrach chun an tréimhse seo a cheiliúradh.

Ócáid saor in aicse don phobal a bhí ann ina raibh ceol, cluichí, ceardlanna ealaíne, damhsa agud bia den scoth.

I láthair chomh maith bhí cuid de na carthanachtaí is ansa le Deirdre, mar shampla Pretty 'n Pink a thugann tacaíocht do dhaoine a bhfuil ailse orthu, agus an Community Rescue Service, eagraíocht a chuidíonn le daoine atá ar iarraidh a aimsiú.

Le níos mó eolais a fháil faoi na carthanachtaí thuas, téigh chuig www.prettynpink.org agus www.communityrescue.org

Close
Close