Jack Warnock: Buaiteoir an ghradaim 'Árdan na gCeoltóirí Óga 2021'

Fógraíodh buaiteoirí 'Ardán na gCeoltóirí Óga' de chuid Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann don bhliain 2021 ar na mallaibh.

Bronnadh an gradam seo ar sheisear ceoltóirí óga ó na Sé Chontae a bhfuil sárchumas ceoil iontu i seánraí ar leith, ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach san áireamh.

Mar chuid den duais iontach seo beidh an deis ag na ceoltóirí óga a bheith ag obair le Ceolfhoireann Uladh agus cuirfear maoiniú £5,000 ar fáil lena ngairmeacha in earnáil an cheoil a fhorbairt. Ní hamháin sin ach beidh clár meantóireachta ar fáil do na buaiteoirí go léir.

I measc na mbuaiteoirí, tá Jack Warnock; giotáraí, amhránaí agus cumadóir ceoil as Contae Dhoire. Labhair Meon Eile le Jack faoin duais iomráiteach agus faoi cad a chiallaíonn sé da ghairm mar cheoltóir. Tá Jack ag obair ar a chéad albam aonair faoi láthair agus cuideoidh an duais seo go mór leis lena chur i gcrích agus a sheoladh roimh dheireadh na bliana. 

Beidh an craoltóir aitheanta Lynette Fay ag obair le Jack mar mheantóir agus, cé go bhfuil aithne mhaith ag an bheirt acu ar a chéile, níor oibrigh siad lena chéile go dtí seo. Tá Jack ag súil go mór le comhairle Lynette a chloisteáil agus níl aon dabht ach go mbeidh rudaí maithe le theacht ón dísreach seo. Is féidir leat súil a choinneáil ar shaothar Jack anseo.

Chomh maith le Jack, bronnadh gradam 'Ardán na gCeoltóirí Óga 2021' ar Rose Connolly, Róisín Donald (ROE), Andrew Irwin, Angus McCal agus Justine Gormley.

Close
Close