'Is Iomaí Rud a Tharla' - ceiliúradh dráma ar 50 bliain de Bhóthar Seoighe

Tá dráma úr scríofa ag an Fheirsteach mná Nuala Ní Néill darb ainm 'Is Iomaí Rud a Tharla' le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain de Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.

In 1969 tháinig roinnt Gael le chéile in iarthar Bheál Feirste leis an chéad lonnaíocht Ghaeilge a thógáil sa tuaisceart. Chuir sin tús leis an ghluaiseacht cearta teanga i gCúige Uladh agus chuaigh i bhfeidhm go mór ar thograí eile teanga fud fad na tíre.

Ceann de na tograí a d'eascair as obair mhuintir Bhóthar Seoighe ná an compántas drámaíochta Aisling Ghéar atá anois ag léiriú an dráma úir seo faoin Ghaeltacht uirbeach.

Leanann an dráma lanúin amháin agus iad ag titim i ngrá, ag pósadh agus ag baint amach aisling s'acu chun clann a thógáil trí Ghaeilge ar Bhóthar Seoighe.

Labhair Meon Eile le cliar agus le stiúrthóir 'Is Iomaí Rud a Tharla' agus iad i mun cleachtaithe.

Beidh 'Is Iomaí Rud a Tharla' ar siúl i gCultúrlan McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ón 27 Samhain go dtí an 29 Samhain ag 8in. Tuilleadh eolais anseo.

Close
Close