An iris Comhar 80 bliain ar an fhód

Tá an iris liteartha Comhar ar an fhód le 80 bliain i mbliana agus bhí ócáid acu ar na mallaibh sa Mhúsaem Náisiúnta Cló i mBaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht.

Bhailigh idir léitheoirí, scríbhneoirí agus foilsitheoirí na hirise le chéile chun cluinstin faoi stair Comhar agus léadh sleachta ó dhaoine cáiliúla a raibh a dtuairimí foilsithe san iris in imeacht na mblianta, Máirtín Ó Cadhain ina measc. Is í Sinéad Ní Uallacháin a bhí mar bhean an tí ar an oíche.

Labhair Meon Eile le Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar, Tristan Rosenstock, Eagarthóir Liteartha Comhar, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Comhar.

Close
Close