Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bunaíodh Oireachtas na Gaeilge ar 17 Bealtaine sa mbliain 1897.

Agus ceiliúradh á dhéanamh ar an 116ú bliain ar an bhfód acu Dé hAoine seo caite, bhí oíche an-speisialta á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Léirigh an oíche seo an sár-obair atá déanta ag lucht na meán Gaeilge le bliain anuas agus bronnadh deich nGradam ar an iomlán, ina measc sin an Bhuaic-Ghradam Cumarsáide a thug aitheantas do shaol agus saothar saibhir an chraoltóra Pat Butler.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaillimh tar éis a bheith ainmnithe don Ghradam Láithreán Gréasáin na Bliana.

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais / Eoghan Ó Loideáin

Tá liosta na mbuaiteoirí uile le feiceáil thíos:

1. SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Lón sa Spéir – (Sónta Teo. do TG4)

2. SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Imeall – (Redshoe Productions do TG4)

3. CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Dara Ó Cinnéide – (Seó Spóirt, TG4)

4. AISTEOIR NA BLIANA

Tara Breathnach – (Tina O’ Dowd, Ros na Rún)

5. CLÁR/ SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac ag a Cúig – (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

6. CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac Ó hEadhra – (Cormac ag a Cúig, RTÉ Raidió na Gaeltachta)

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Seán Tadhg Ó Gairbhí – (Comhar, Irish Times)

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

www.raidionalife.ie – Raidió na Life

9. GRADAM SPEISIALTA

Raidió na Life – 20 bliain ar an aer

10. BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE

Pat Butler

Close
Close