‘From Wounded Knee to Gaza’ - Taispeántas Ealaíne agus Léiriú Scannán

Tá John B Vallely, nó Brian Vallely mar is fearr aithne air, i ndiaidh taispeántas ealaíne dar teideal ‘From Wounded Knee to Gaza a sheoladh i gCathair Ard Mhacha.

Sa saothar áirithe seo, déantar scrúdú ar na cosúlachtaí idir na rudaí a tharla don náisiún Nakota, bundúchasaigh de chuid Mheiriceá, agus do mhuintir na Palaistíne sa lá atá inniu ann. Tá nasc nach beag idir na daoine a bhí ciontach as cinedhíothú na mbundúchasach i Meiriceá agus iad siúd atá páirteach sa chinedhíothú sa Phalaistín. 

Ag tús na bliana seo, chuaigh Brian i dteagmháil leis an léiritheoir agus stiúrthóir teilíse, Antaine Ó Donnaile. Chonaic Antaine roinnt grianghraf den tsraith a raibh Brian ag obair air agus chuaigh siad go mór i bhfeidhm air.

Tá beagnach 70 bliain caite ag Vallely mar ealaíontóir agus tá ealaín saige i ndiaidh tionchar ollmhór a imirt ar neart daoine timpeall na tíre agus ar fud an domhain. Bheartaigh Antaine gurbh fhiú am a chaitheamh leis agus é i mbun oibre. Is toradh speisialta ar an chomhoibriú sin é an scannán. Idir ábhar cartlainne, agallaimh agus an taifeadadh sa stiúideo le Brian, mar aon leis an léirsiú seachtainiúil a bhíonn ar siúl i gCathair Ard Mhacha ar son na Palaistíne, is léargas iontach speisialta é atá cruthaithe ag Antaine.

D’eagraigh IPSC Ard Mhacha (Ireland Palestine Solidarity Campaign) seoladh ar Lá Nakba féin an mhí seo caite le comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an lá. Bhí ealaín Brian ar taispeáint in Aonach Mhacha, agus píosaí ón saothar ar fáil le ceannach, leis an airgead uilig ag dul go dtí na carthanachtaí, Gaza Paediatric Care Initiative agus PathStar. Cuireadh scannán Antaine ar siúl ar an oíche chomh maith. Bhí neart cainte agus plé i rith na hoíche ó ionadaithe éagsúla maidir le cás na Palaistíne agus ar na dóigheanna ar féidir dul i mbun gnímh. 

Labhair Meon Eile le hAntaine, chomh maith le Fáilteoir Aonach Mhacha, Luíseach Nic Thréinfhir agus le Réamonn Ó Ciaráin.

Close
Close