Fleadh Feirste 2019

I mbliana beidh Fleadh Feirste ag ceiliúradh 10 mbliana ar an fhód le roinnt mhaith imeachtaí éagsúla ar siúl i gceantair Ghaelacha Iarthar Bhéal Feirste...

Beidh cuid mhór eagraíochtaí ar fud na cathrach páirteach sa chlár, ina measc tá Conradh na Gaeilge, Áras Uí Chonghaile, Forbairt Feirste, Raidió Fáilte agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. 

Beidh rudaí ar siúl d’achan aoisghrúpa, seoltaí leabhair, ceolchoirmeacha, cóisir Nollag, drámaí agus léar mór eile.

Chuaigh Meon Eile go dtí an Chultúrlann chun bualadh le lucht eagraithe na féile agus labhairt leo faoi chlár na bliana seo agus faoin tábhacht a bhaineann le féile den chineál seo a reáchtáil do Ghaeil na cathrach agus níos faide i gcéin.

Cuirfear tús le Fleadh Feirste an 4 Nollaig agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 8 Nollaig, nuair a bheas céilí mór ar siúl sa Chultúrlann. Tá clár na féile ar fáil anseo.

Close
Close