Filleadh Cholm Cille - Oidhreacht an Naoimh á ceiliúradh i nDoire

Filleadh Cholm Cille - Oidhreacht an Naoimh á ceiliúradh i nDoire

Eagraíodh Filleadh Cholm Cille, ceann de bhuaic-imeachtaí móra na Cathrach Cultúrtha 2013 an deireadh seachtaine seo caite.

Tá 1,500 bliain imithe ó d’fhág Colm Cille cladaí na hÉireann lena aghaidh a thabhairt ar Oileán Í. De réir an tseanchais, d’fhill sé abhaile uair amháin ina dhiaidh sin. Ba go Léim an Mhadaidh a tháinig sé le freastal ar Choinbhinsiún Dhroim Ceatt.

Mar chuid den mhórchomóradh i nDoire, d’eagraigh Cultúrlann Uí Chanainn i gcomhpháirtíocht le Glór Léim an Mhadaidh ócáid comórtha i Léim an Mhadaidh.

Seo chugaibh blaiseadh den chomóradh agus ceol ó chór Dhún Geimhin.

Colmcille
Close
Close