Féile SOMA 2018

Tháinig féile cheoil agus folláine SOMA ar ais chuig Caisleán Uidhilín arís i mbliana, agus is léir go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart agus í sé bliana ar an fhód anois.

Le cuid de na haimneacha is mó sa cheol traidisiúnta meallta chuig an fhéile, réimse imeachtaí don teaghlach ar fad agus dúlra den scoth, bhailigh na mílte sa bhaile beag seo i gcontae an Dúin thar an deireadh seachtaine.

I measc na gceoltóirí a bhí ar an ardán, bhí réaltaí móra ar nós Paul Brady agus The Olllam agus líonadh na hallaí go doras.   

Bhuail Meon Eile le baill den fhoireann chun léargas a fháil ar an fhéile...

Close
Close