Den chéad uair ó bhí 2003 ann, tá Féile na Meán Ceilteach faoi lán seoil i mBéal Feirste an tseachtain seo, le scoth na n-imeachtaí ar siúl sa chathair.
Seo an 47ú heagrán den fhéile bhliantúil ag a mbailíonn daoine ó thionscal na scannán, na teilifíse agus an raidió sna tíortha agus réigiúin Cheilteacha le chéile ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar fhás agus forbairt na hearnála, sin agus leis na cultúir Cheilteacha a neartú agus lena gcuid oibre a chur chun cinn.
An tseachtain seo, in ionad ealaíon an MAC, tá idir chainteanna, cheardlanna agus chomhluadar ann, mar aon le bronnadh na ngradam i rannóga éagsúla. Cuirfear deireadh leis an fhéile anocht leis an mhórshearmanas duaiseanna agus cóisir in Ionad Ceoil an Empire ina dhiaidh.
D’fhreastail Meon Eile ar an Chóisir Oscailte oíche Dé Máirt i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ócáid a bhí urraithe ag Paper Owl Films.
Is féidir tuilleadh eolais faoi Fhéile na Meán Ceilteach a fháil anseo.


