Féile Focal 2022

Bhí 'Féile Focal' ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh, féile a bhailigh scríbhneoirí agus filí as gach cearn den tír le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar cheird na bhfocal.

Ceol, cainteanna, léirithe filíochta agus ceardlanna a bhí ar an chlár, agus labhair muid le cuid acu sin a bhí páirteach ann: Seán Ó Muirgeáin a reáchtáil ceardlann filíochta, Celia de Fréine agus Máire Dinny Wren, beirt údar a bhí i mbun comhrá leis an iriseoir Caoimhe Ní Chathail, agus Ciara Ní É, an file a bhunaigh an ócáid REIC.

Close
Close