Féile an Fhómhair

D’eagraigh Líonra Leitir Cheanainn 'Féile an Fhómhair' ag an deireadh seachtaine agus bhuail Meon Eile isteach chucu le cuid den chraic a bhlaiseadh.

Bhí fearradh na fáilte roimh an phobal ar fad chuig an lá teaghlaigh a tharla i bpáirc an bhaile ar an Satharn. Bhí toraíocht taisce, scéalaíocht, damhsa agus seisiún ceoil thraidisiúnta i measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl ar an lá.

Labhair Meon Eile le Bairbre Uí Chathail, an Comhordaitheoir Pleanála Teanga do Leitir Ceanainn, faoi thábhacht imeachtaí mar seo don phobal ar an iomlán. Labhair muid fosta le hUna Ní Bhriain, múinteoir i gColáiste Ailigh atá ar an choiste, agus Marcas, dalta idirbhliana i gColáiste Ailigh.

Ba léir go raibh rath ar an lá agus tá súil ag Bairbre agus Líonra Leitir Cheanainn go mbeidh tuilleadh imeachtaí mar seo ag tarlú arís san am atá le teacht.

Close
Close