Féile Pan Cheilteach i nDoire Cholm Cille

Féile Pan Ceilteach

10,000 duine a d’fhreastail ar an Fhéile Pan Cheilteach i gcathair Dhoire chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr agus ar cheol na dteangacha Ceilteacha.

Ba í seo an chéad uair don Fhéile a bheith sna sé chontae.

Bhí ionadaithe ó Chorn na Breataine, an Bhriotáin, Oileán Mhanann, Albain, an Bhreatain Bheag agus as Éirinn i measc an chomhluadair. Reachtáladh comórtais cheoil, damhsa agus amhránaíochta le linn na seachtaine.

Seo chugaibh buaicphóintí ón chomórtas ceoil traidisiúnta agus caint ó lucht a eagraithe…

Close
Close