Féile Chomórtha Joe Éinniú – Traidisiún Gaelach láidir go fóill

Bunaíodh Féile Chomórtha Joe Éinniú sa bhliain 1986 le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis mór le rá ó Charna, Contae na Gaillimhe.

Bíonn béim faoi leith ar amhránaíocht ar an sean-nós ag an bhféile ach chomh maith leis sin bíonn amhránaíocht thraidisiúnta i dteangacha eile ann.

Le neart ceoil agus damhsa, bíonn imeachtaí ann do idir óg agus aosta thar an deireadh seachtaine agus cuirtear fáilte roimh chultúir eile a gcuid traidisiún a chur chun cinn chomh maith leis an gcultúr Gaelach a fhorbairt.

I mbliana bhí seisiúin eolais mar aon le taispeántas ealaíne ó pháistí scoile.

I measc na gceoltóirí uile bhí Danny O’Mahony agus The Shannon Vale Céilí Band, Cyril O’Donoghue, Johnny Ringo McDonagh, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Gearóidín Bhreathnach , Neansaí Ní Choisdealbha, Don Stiffe, agus neart daoine eile.

Tá níos mó eolais le fáil faoi Joe Éinniú anseo.

 Féile Chomórtha Joe Éinniú  / Sarah de Búrca
Close
Close