EP úr Kathryn Ní Mhaoláin

Tá EP úr le Kathryn Mullan á sheoladh an deireadh seachtaine beag seo in An Coire, Carn Tóchair, áit ar tógadh an ceoltóir óg.

Bhuail Meon Eile le Kathryn le cloisteáil faoina saol mar cheoltóir agus lena fháil amach cad atá ar an eisiúint nua.

D'inis Kathryn dúinn faoin dóigh ar thosaigh sí ar an cheol agus gurb é an pobal agus an dúlra áitiúil i gCarn Tóchair a spreag í go mór thar na blianta.

Is amhráin nuachumtha uilig iad na hamhráin ar an EP nua, cúpla ceann a chomhscríobh sí in éineacht le cairde.

Beidh EP Kathryn ar fáil le ceannacht i Siopa An Carn agus ar a leathanaigh cheoil, 'Kathryn Mullan Music' ar Facebook agus ar Instagram amach anseo. 

Seolfar an EP oíche Dé Domhnaigh 26 Meitheamh ag 7 i.n. in An Coire - is Dé Sathairn 25 Meitheamh a bhí beartaithe ar dtús ach athraíodh an dáta mar gheall ar chúrsaí peile.

Close
Close