Dhá thaispeántas ealaíne nua ar leith sa Chultúrlann

Sheol Cultúrlann McAdam Ó Fiaich dhá thaispeántas nua ar an oíche chéanna le déanaí agus is mór an difear atá idir na saothair iontu.

Ar na Ballaí Bána tá an chéad bhailiúchán d'obair an ealaíontóra Róisín Ní Neachtain. 'Your Words Disturbed My Earth' is teideal dó agus léiríonn Róisín an nasc idir an litríocht agus an tírdhreach in Éirinn. Is léir tríd an taispeántas seo an paisean atá ag an ealaíontóir do chaomhnú thimpeallacht na tíre seo.

I nDánlann Dillon, tá taispeántas closamhairc ‘Ní Bheidh Sé Mar a Bhí’ le Sinéad O’Neill-Nicholl. Sa bhailiúchán seo, tugann an t-ealaíontóir ómós do na daoine a maraíodh sa sléacht ag Teach Tábhairne McGurk le linn na dtrioblóidí i mBéal Feirste. Déanann sí sin trí agallaimh le gaolta na n-íospartach agus iar-eagarthóireacht fhíneálta chumhachtach.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh mór, áit ar labhair muid le Róisín Ní Neachtain faoina saothar agus le Caoimhín Ó Seanáin ón Chultúrlann faoin seoladh agus faoin tábhacht a bhaineann le healaíontóirí nua a chur chun cinn.

Beidh an dá thaispeántas le feiceáil go dtí an 6ú Deireadh Fómhair. Tá obair Róisín ar díol agus tá tuilleadh eolais le fáil ón Chultúrlann.

Close
Close