Dhá thaispeántas ar leith sa Chultúrlann faoi láthair

Seoladh dhá thaispeántas ealaíne uathúla i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

Sna Ballaí Bána tá 'Estranged' le Lorraine Cleary, taispeántas a léiríonn roinnt earraí tí agus fabraicí. De réir Lorraine, is ionann seo agus an mothú clásaltrofóbach a thagann leis an drochíde sa bhaile. Thíos staighre i nDanlann Dillon, tugann taispeántas Shiro Masuyama, ‘Brexit Sausages’, léargas ar an iliomad gearán neamhshaolta a bhaineann le Prótacal an Tuaiscirt.

Cé go bhfuil an dá thaispeántas go hiomlán difriúil, deir Caoimhe Ní Ruanaidh, an cuntóir radharcealaíon nua sa Chultúrlann, go molann an bheirt ealaíontóirí a chéile. Is féidir leat amharc ar ábhar crua dúshlánach thuas staighre agus ansin thíos staighre cuairt a thabhairt ar phíosa oibre níos éadroime ach a bhfuil ábhar machnaimh ann go fóill.

Tá na taispeántais ar oscailt anois agus beidh siad ar siúl go dtí an 26 Eanáir 2023.

Close
Close