Dhá thaispeántas ealaíne i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Ag tús mhí Feabhra, sheol Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste dhá thaispeántas ealaíne ar an aon oíche amháin: ceann thuas staighre sna Ballaí Bána agus ceann eile thíos staighre i nDánlann Dillon. Is iad seo na chéad taispeántais a bhí ag an lárionad i mbliana agus is é an téarma ‘Cearta’ a bhaineann leo beirt.

Sna Ballaí Bána, tá griangraif speisiúla leis an ealaíontóir Kevin Hamilton, a d’úsaid stíleanna éagsúla amhail an cailéideascóp chun radharc ar leith a thabhairt ar áiteanna clúiteacha a bhíonn ceangailte le cultúr amháin ó thuaidh de ghnáth. Iarrann sé ar an bhreathnóir dearcadh s’acu ar na háiteanna seo a cheistiú.

Is i nDánlann Dillion atá saothar Eimear Nic Roibeaird agus 'An Chéad Bhean' mar theideal ar an tionscadal seo. Baineann Eimear úsáid as miotaseolaíocht agus sean-scéaltaí na hÉireann chun an téama a léiriú. Taispeánann sí scéal na chéad bhan agus an dóigh ar caitheadh le mná i rith na staire.

Beidh an dá thaispeántas den scoth seo le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich go dtí an 17 Márta 2022 agus molann an fhoireann go mór do dhaoine teacht leis an saothar a fheiceáil.

Close
Close