Damhsa Ua Bhruadair

Tá Mary Pollock, nó Máire Bhean Ua Bhruadair mar is fearr aithne uirthi, ag teagasc an damhsa Ghaelaigh i mBéal Feirste ó bhí na 1970í ann.

Cé nár theagasc sí damhsa aonair ó bhí na 80í ann, tá ról gníomhach aici ina pobal féin le blianta fada anuas.

Ó na céilithe míosúla a mbíodh sí mar bhean an tí acu go dtí na ranganna Gaeilge a thug sí do na damhsóirí féin, chomh maith lena hobair leis an eaglais, is bean í atá saite i bpobal iarthar na cathrach.

Anois go bhfuil sí ag 'glacadh coiscéim siar' ó na céilithe agus go mbeidh ceiliúradh mór 50 bliain dá ranganna Dé hAoine, thug Meon Eile cuairt uirthi chun cuimhneacháin s'aici a fháil ar shaol fada caite leis an damhsa.

Beidh an céilí céiliúrtha ar siúl Dé hAoine an 1 Feabhra ag Halla Naomh Áine, Bóthar Lios na gCearrbhach Uachtarach, Dún Mhuirí, le comóradh a dhéanamh ar Mháire agus an teagasc ar fad atá curtha ar fáil aici le leathchéad bliain anuas.

Beidh an ócáid oscáilte don phobal ó 8in go dtí 12rn agus beidh an banna ceoil 'Trasna' i mbun ceoil ar an oíche. Cuirfear fáilte roimh chách.

Close
Close