Cultúrlann nua i Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire

Bhí an chéad imeacht oifigiúil ar siúl sa chultúrlann úrnua atá ag Glór Léim an Mhadaidh an tseachtain seo caite.

Cé nach raibh an foirgneamh iomlán réidh, bhí an halla mór foirfe don fhéile cheoil agus amhránaíochta bhliantúil a eagraítear i gcuimhne ar an cheoltóir áitiúil Eddie Butcher.

Bhí scoth na n-amhránaithe ó gach cearn de Chúige Uladh i láthair agus canadh amhráin i nGaeilge, Gàidhlig agus Béarla ó léithéidí Dàibhidh Stiùbhard agus Dearbhla Scallon ó Thír Eoghain agus Piaras Ó Lorcáin as Crois Mhic Lionnáin. 

Ceannaíodh an halla le cuidiú ó Chiste Infhéistíochta na Gaeilge in 2014 agus tá forbairt ollmhór déanta air ó shin chun é a aistriú ina lárionad cultúrtha don phobal ar fad sa cheantar.   

Beidh oscailt oifigiúil ag Glór Léim an Mhadaidh i mí Dheireadh Fómhair le tús a chur le clár ranganna agus imeachtaí cultúrtha s’acu.

Close
Close