Cuireadh clabhsúr iontach leis an chúigiú bliain de ‘Campa Banna’ i gCultúrlann Uí Chanáin, Cathair Dhoire, ar na mallaibh. I ndiaidh ceithre lá ag foghlaim agus ag cumadh amhrán, chuir daltaí an champa - a bhí idir 11-18 mbliana d’aois - ceolchoirm phroifisiúnta i láthair an lucht féachana.
Le linn an champa bhí ranganna agus ceardlanna ag na daltaí agus deis acu scileanna éagsúla a fhoghlaim amhail an amhránaíocht, an scríbhneoireacht, agus an dóigh chun iad féin a chur i láthair lucht féachana beo.
Is é Ryan Harling an Comordaitheoir Ealaíne sa Chultúrlann agus labhair sé linn faoin sprioc a bhí ag an eagraíocht ceoltóirí óga a spreagadh. Mothaíonn sé thar a bheith bródúil fosta as an mhéid fáis agus forbartha a chonaic sé sna daltaí idir a scileanna ceoil agus an mhuinín s’acu.
Labhair Meon Eile le cuid de na ceoltóirí óga seo faoin sult a bhain siad as an champa, agus na cuimhní cinn agus cairde a rinne siad lena linn.

