Comórtas na Lúibíní 2018 - scéal beirte

Bhí Meon Eile i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna arís i mbliana agus na sluaite bailithe i gCill Airne.

Bhí an deis againn cuid d'iomaitheoirí na gcomórtas a leanúint agus iad ag glacadh páirte.

An tseachtain seo caite bhí físean againn le Clíona Ní Ghallachóir as Mín an Chládaigh i nDún na nGall.

Bhí sí ag glacadh páirt don dara bliain as a chéile sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhná faoi 35.

Inniu tá muid ag caitheamh súil ar chomórtas na Luibíní agus ag leanúint beirt iomaitheoirí, Éanna Ó Cróinín agus Diarmaid Ó hAlmhain, a bhí páirteach sa chomórtas den chéad uair le deich mbliana anuas.

Tá Diarmaid i ndiaidh cailleadh amach ar an Oireachtas le dhá bhliain anuas as siocair go bhfuil cónaí air in Abú Daibí ach rinne sé cinneadh theacht abhaile go speisialta i mbliana don fhéile.

Agus an cleachtadh uilig déanta acu (ar an fhón don chuid is mó!), cén dóigh a n-éireoidh leis an bheirt seo?

Close
Close