Comóradh ar Ruairí Mac Ásmaint

Bhailigh daoine le chéile ag Pairc Mhic Ásmaint, Béal Feirste, ar na mallaibh le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Ruairí Mhic Ásmaint, a cuireadh chun báis 106 bliana ó shin.

Bhí Pairc Mhic Ásmaint ar na páirceanna peile agus iomána is fearr sa tír lá den saol ach tá an staid ina luí folamh le tamall maith de bhlianta anois, cé go bhfuil an solas glas faighte anois chun an pháirc a atógáil.

D'fhan an cumann sóisialta ann ar oscailt le linn an ama sin áfach agus ag an chomóradh labhair muid Diarmuid Ó Tuama, ball de chumann sosiálta Mhic Ásmaint. Rinne sé cur síos ar shaol agus ar bhás Mhic Ásmaint agus an ról a d’imir sé i réabhlóid na hÉireann chomh maith leis an obair a rinne sé ag troid i gcoinne an chos ar bolg sa Chongó agus an Bhrasaíl.

Bhí ceol, caint agus filíocht le cloisteáil ag an chomóradh le saol an gníomhaí dhaonnúil a cheiliúradh.

Close
Close