Comhdháil Aon-Chathrach Bhéal Feirste

Thug Comhdháil Aon-Chathrach Bhéal Feirste seans do dhaoine agus comhlachtaí na dúshláin agus na deiseanna atá ag cathair Bhéal Feirste a phlé. Tá brú faoi leith ar Bhéal Feirste i láthair na huaire ach pléadh na fadhbanna mar aon le plean chun dul chun cinn a dhéanamh sa chathair.

Thar an dá lá, ar an 9ú agus an 10ú lá de mhí na Bealtaine, bhí meascán imeachtaí ar siúl; Gradam Spiorad Bhéal Feirste, Club na Comhdhála agus neart eile ina measc.

Bhí neart daoine agus ceannairí i láthair ag an gComhdháil chomh maith; Naomi Long MP; Alan McBride, feachtasóir síochána; Ciarán Mackel, Cathaoirleach Na Ceathrún Gaeltachta agus neart eile.

Bhí imeachtaí agus léachtaí timpeall na cathrach uile. Grúpa Meán Bhéal Feirste a bhí taobh thiar den comhdháil, an ceathrú Comhdháil Bhliantúil Aon-Chathrach Bhéal Feirste chun tréithe éagsúla na cathracha beoga seo a chur chun cinn.

Comhdháil Aon-Chathrach Bhéal Feirste / Sarah de Búrca
Close
Close